AR CHONNLAIGH GHLAIS AN FHOMHAIR

Chanson traditionnelle irlandaise, apprise de Cieran Brennan (Clannad)

Ar chonnlaigh ghlais an Fhoghmhair
A stóirín gur dhearc mé uaim
Ba deas do chos i mbróig
‘Sba ró-dheas do leagan siubhail.
Do ghruaidh ar dhath na rósaí
‘Sdo chúirníní bhí fighte dlúith
Monuar gan sinn ‘ár bpósadh
Nó’r bórd luinge ‘triall ‘un siubhail.

Tá buachaillí na h-áite seo
A’ gartha ‘gus ag éirghe teann
Is lucht na gcochán árd
A’ deánamh fáruis do mo chailín donn
Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne
Thar sáile ‘s a shlóighte cruinn
Bhrúighfinn féar is fásach
‘S bhéinn ar láimh le mo chailín donn.

‘Sé chuala m/e Dé Domhnaigh
Mar chómhrádh ‘gabháil eadar mhnáibh
Go rabh sí ‘gabháil ‘a pósadh
Ar óigfhear dá bhfuil san áit.
A stóirín glac mo chomhairle
‘S a’ foghmhar seo fan mar tá
‘S cha leigim le ‘bhfuil beo thú
A stór nó ‘s tú mo ghrádh.